Réaltán Ní Leannáin, atá ainmnithe don ghradam Leabhar Gaeilge na Bliana 2019, le caint speisialta a thabhairt ag Leabharlann na Cathrach

Tá lúchair ar Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin fáilte a chur roimh Réaltán Ní Leannáin, an scríbhneoir aitheanta atá ainmnithe don ghradam Leabhar Gaeilge na Bliana 2019 chuig Leabharlann na Cathrach i nDoire ar an Aoine 22ú Samhain 2019 do imeacht speisialta i nGaeilge.
Raltn N LeanninRaltn N Leannin
Raltn N Leannin

Is file, blagálaí agus úrscéalaí í Réaltán a bhfuil a saothar is déanaí, agus an chéad úrscéal dá cuid, Cití na gCártaí, lonnaithe i Málta na Mara agus i mBéal Feirste ag deireadh an Cheád Chogadh Domhanda. Is Scríbhneoir Cónaithe í faoi láthair, leis an Roinn Fiontar & Scoil na Gaeilge i DCU.

Spreagadh Réaltán i dtreo na scríbhneoireachta nuair a thángthas ar ailse brollaigh inti i 2008 agus shocraigh sí ar dialann a choinneáil le linn cóir leighis a chur uirthi. Rinneadh cnuasach filíochta den dialann sin ar a tugadh an teideal, Turas Ailse air.

Hide Ad
Hide Ad

Dúirt Erin Hamilton, Oifigeach Gaeilge le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin roimh an imeachta: “Tá lúchair ar an Chomhairle bheith ag obair i bpáirtíocht le Libraries NI le fáilte a chur roimh Réaltán go Cathair Dhoire don chaint spreagúil agus sultmhar seo. Beidh an imeacht seo foirfe d’fhoghlaimeoirí le hardchaighdeán Gaeilge nó daoine atá líofa sa Ghaeilge araon. Tá muid faoi chomaoin ag Foras na Gaeilge atá ag tacú leis an imeacht chomh maith.”

Ní mór duit áit a chur in áirithe don imeacht seo mar gheall ar spásanna teoranta. Tosóidh an chaint ar 1:30 pm.

Le d’áit a chur in áirithe, is féidir dul i dteagmháil le Erin Hamilton, Oifigeach Gaeilge ar [email protected]