Seachtain na Gaeilge le BBC Gaeilge

Comórfaidh BBC Gaeilge Seachtain na Gaeilge, ceiliúradh idirnáisiúnta theanga agus chultúr na Gaeilge le réimse ábhar ar fud a n-ardán.
John Hubbocks, Tessa Fleming and Irial Ó Ceallaigh approach Gabhla Island with fishing boat behind them. The trio feature in Kayak Ó Thuaidh.John Hubbocks, Tessa Fleming and Irial Ó Ceallaigh approach Gabhla Island with fishing boat behind them. The trio feature in Kayak Ó Thuaidh.
John Hubbocks, Tessa Fleming and Irial Ó Ceallaigh approach Gabhla Island with fishing boat behind them. The trio feature in Kayak Ó Thuaidh.

Idir láithreoirí Tessa Fleming agus Irial Ó Ceallaigh ag lapadaíl leo ar feadh an chósta thuaidh agus Ardal O’Hanlon ar cuairt ar Oileán Reachlainn, chomh maith le hoíche speisialta cheoil le Lá Fhéile Pádraig a chomóradh, ceiliúrann ábhar na bliana seo ár ndaoine, ár n-áiteanna agus ár gcultúr.

Beidh sraith físeán do pháistí ar líne fosta ar réimse ábhar ar a n-áirítear bia sláintiúil, an timpeallacht agus an athchúrsáil le gan ach beagán a lua, agus deis ransáil trí chartlanna BBC Gaeilge le cláir a craoladh cheana atá go fóill ar fáil ar BBC iPlayer a fheiceáil, ar a n-áirítear Rúin na bPortach le Cormac Ó hÁdhmaill agus an togra nua uaillmhianach ceoil ag Úna Monaghan, Aonaracht.

BBC Sounds & BBC Radio Uladh/Feabhail

Blas Ceoil

Déardaoin 14 Márta

BBC Sounds, BBC Raidió Uladh, 7.30in

Hide Ad
Hide Ad

Cuireann Caoimhe ‘Ceol’ Ní Chathail craoladh seachtrach beo speisialta i láthair as Ionad Pobal An Chairn i Machaire Rátha le 15 bliana de Blas Ceoil a cheiliúradh.

Mar chuid den chlár speisialta seo, beidh an chuid is fearr den cheol traidisiúnta le Jack Warnock agus le Eleanor Gaffney, Ceoltóirí Luraigh, Eimhéar Ní Mhaolchalainn, Nodlaig Ní Bhrollaigh, Réalta agus cuid mhór eile.

Anúna Live in Concert

Domhnach 17 Márta

BBC Sounds & BBC Raidió Uladh, 9in

Cuireann John Toal ceiliúradh ceoil speisialta d’oíche Lá d’oíche Fhéile Pádraig i láthair as Ardeaglais Naomh Áine i mBéal Feirste agus an ensemble ceoil gutha sin ar a bhfuil clú domhanda Anúna páirteach ann. Taifeadta mar chuid de Tradfest Bhéal Feirste, tá grúpa Michael Mc Glynn i ndiaidh filleadh le gairid ó thuras ar na Ísiltír, an tSín agus an Iodáil.

Is ón Ghaeilge ‘An Uaithne’ a thagann an t-ainm Anúna, cnuastéarma do na trí chineál ársa de cheol na hÉireann, mar tá Suantraí, Geantraí agus Goltraí.

Teach s’Againne

Luan 18 Márta

BBC Sounds & BBC Raidió Feabhail, 7.30in

Hide Ad
Hide Ad

Sa tsraith ceithre chuid seo de chuid BBC Gaeilge, labhraíonn tuismitheoirí faoi na heispéiris phearsanta agus faoi na céimeanna éagsúla ar tháinig siad tríothu ag tógáil a gclainne.

Roinneann tuismitheoirí nua scéalta faoin bhreith clainne agus faoin chúram gliondrach sin, ach cloíteach uaireanta, de bheith ag tabhairt aire do leanaí. Pléann an lucht ‘idir eatarthu’, atá ag tógáil páistí scoile agus déagóirí, gach rud idir thuairiscí agus chultacha scoile agus an chéad ghrá a bhí acu.

Cluineann éisteoirí fosta ó na seanfhondúirí a bhfuil a gcuid páistí aníos agus imithe den nead, agus iad anois ag dul trí, agus ag baint sult as, na dúshláin a bhaineann leis an tseantuismitheoireacht.

Léirigh Triplevision an tsraith seo do BBC Gaeilge le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann.

BBC iPlayer & BBC Two Northern Ireland

Hide Ad
Hide Ad

An chuid is fearr de scannánaíocht agus de cheol na Gaeilge á gceiliúradh ar BBC iPlayer agus ar BBC Two Northern Ireland le linn Sheachtain na Gaeilge.

Inis na nIontas

Tosaíonn Domhnach an 3 Márta

BBC iPlayer & BBC Two Northern Ireland, 10in

Tá dornán d’oileáin bheaga thart ar oileán na hÉireann, oileáin ar fada an lá iad ina bhfoinse inspioráide agus mhiotais.

Sa tsraith nua trí chuid seo, tugann an t-aisteoir agus fear grinn Ardal O’Hanlon ar thuras muid ó Reachlainn go Cléire, ag aimsiú fiadhúlra fánach, cósta corrach agus scéalta rúndiamhra.

Buaileann Ardal le bunadh na n-oileán atá ag iarraidh maireachtáil ar bhealach inmharthana ag teacht leis na timpeallachtaí uathúla sna hoileáin iathghlasa seo.

Hide Ad
Hide Ad

Tosaíonn Iontas na nIontas Domhnach an 3 Márta agus an tsraith iomlán le fáil le hamharc uirthi ón dáta sin amach ar BBC i Player. Is iad One Tribe TV agus Boulder Creek International a rinne an tsraith seo do BBC Northern Ireland agus do TG4.

Kayak Ó Thuaidh

Tosaíonn Luan an 11 Márta

BBC iPlayer & BBC Two Northern Ireland, 10in

Leanann an tsraith seo na láithreoirí Tessa Flemming agus Irial Ó Ceallaigh, agus iad ag tabhairt aghaidh ar olleachtra ag lapadaíl a mbealaigh ar feadh an chósta thuaidh.

I gcuideachta an tsaineolaí cadhcála, John Hubbocks, tugann ár gcadhcóirí nua cróga faoi ghaoth agus faoi thonnta dothuartha an Atlantaigh, á mbrú féin thar a gcompord leis an dúshlán seo a chríochnú.

As iarthuaisceart Dhún na nGall go cósta oirthuaisceart Aontroma, ceiliúrann an tsraith seo an tírdhreach iontach atá ar an chósta thuaidh Atlantach seo againne, a stair shaibhir, agus na daoine ar baile dóibh é.

Hide Ad
Hide Ad

Tosaíonn an tsraith ceithre chuid seo, déanta ag Macha Media do BBC Gaeilge agus do RTÉ le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann, Luan an 11 Márta ar 10in ar BBC iPlayer agus ar BBC Two Northern Ireland. Beidh na ceithre chlár ar fad le fáil le hamharc orthu ar BBC iPlayer ón dáta sin amach.

The Shamrock Tenors: St Patrick's Night Concert

Domhnach 17 Márta

BBC iPlayer & BBC Two Northern Ireland, 9in (*féadann an t-am athrú).

Tugann an grúpa gutha as Tuaisceart Éireann, na Shamrock Tenors, a seó móréilimh idirnáisiúnta chun an bhaile chuig Halla Uladh i mBéal Feirste faoi choinne ceiliúradh ar Lá Fhéile Pádraig ar BBC iPlayer agus ar BBC Two Northern Ireland.

I measc an ghrúpa ceoltóirí trasphobail seo, tá réaltaí de chuid an West End, ceoltóirí iol-uirlise agus curaidh dhomhanda sa damhsa Ghaelach a chuireann a gcor comhaimseartha féin ar chuid de na foinn is ansa le daoine i gceol na hÉireann.

Hide Ad
Hide Ad

Craolfar an clár seo ar BBC Four fosta ar 10.40in (*féadann an t-am athrú).

Na Weatherbies

Ar fáil ar bbc.co.uk/gaeilge ó Aoine an 1 Márta

Tugtar beatha do phobal de charachtair gheanúla ar théama na haimsire, a scéal agus pearsantacht féin acu go léir, i sraith nua d’fhíseáin bheochana ar líne do BBC Gaeilge.

Déanann Na Weatherbies siamsa do pháistí agus spreagann siad agus a gcuid scéalta oideachasúla iad ag cuidiú leo ceangal lena dtimpeallacht agus leis an domhan amuigh. Idir Síle Sneachta agus Gabhán Grian, baineann an grúpa seo cairde ar théama na haimsire sult as an athchúrsáil, as bia sláintiúil, as torthaí agus glasraí a fhás, leabhair a léamh agus cumhacht na gréine agus na gaoithe a úsáid.

Sa tsraith ocht gcuid seo, is féidir le páistí a n-eachtraí a leanúint thart ar Bhaile na Spéire agus tuilleadh a fháil amach faoi thopaicí ar a n-áirítear an timpeallacht, na séasúir agus cuntas uimhreacha, sula mbíonn siad ag damhsa agus ag ceol le cuid de na hamhráin spraíúla ag Na Weatherbies.

An Fhírinne Lom

Ar fáil ar bbc.co.uk/gaeilge ó Aoine an 8 Márta

Díríonn an mhionsraith bheochana de thrí eagrán ar an ghnéasoideachas, agus pléann le téamaí amhail an toiliú, teorainneacha á leagan síos, pictiúir a roinnt ar líne, agus ceisteanna á bplé trí chaidreamh beirt déagóirí, Oisín agus Éilís.

Spíontar amach cás ar leith i ngach clár, agus téitear siar go dtí an tús ansin, ag taispeáint mar a d’fhéadfaí an cás a láimhseáil ar bhealach níos fearr.

Léirigh Waddell Media an mhionsraith seo do BBC Gaeilge le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann.

Related topics: