Bronntar fáinne ar Mhéara Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin

Dúirt Méara Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, an Comhairleoir Patricia Logue, go bhfuil lúcháir an domhain uirthi gradam an fháinne a bhaint amach.
Watch more of our videos on Shots! 
and live on Freeview channel 276
Visit Shots! now

Léiríonn an fáinne go bhfuil an duine a chaitheann é toilteanach Gaeilge a labhairt, agus cé go mbíonn dialann an Mhéara mar chéad saoránach ag cur thar maoil, bhain sí amach cuspóir a bhí aici le tamall fada chun fáinne a ghnóthú in am do Sheachtain na Gaeilge 2024.

Labhair an Méara i ndiaidh di an fáinne bheith bronnta uirthi: “Bhí grá mór agam don Ghaeilge i gcónaí agus nuair a thosaigh mé amach ar mo théarma méarachta, shocraigh mé go n-oibreoinn go crua chun mo chéad fháinne a bhaint amach – gradam Cúpla Focal – agus é bheith déanta agam in am do Sheachtain na Gaeilge 2024 a ritheann ón 1ú go dtí an 17 Márta.

Hide Ad
Hide Ad

"Tá mé bródúil gur bhain mé an chloch mhíle seo amach, agus tá súil agam go mbeidh sé ar mo chumas leanstan le mo thuras teanga nuair a chríochnaíonn mo théarma.

Méara Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, an Comhairleoir Patricia LogueMéara Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, an Comhairleoir Patricia Logue
Méara Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, an Comhairleoir Patricia Logue

"Lena chois sin, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le fostaithe ar fad na Comhairle a rinne scrúdú an fháinne i rith Sheachtain na Gaeilge agus ba mhaith liom buíochas ó chroí a dhéanamh lenár nOifigeach Gaeilge– Erin Hamilton – as an tacaíocht a chuireann sí ar fáil do gach duine againn atá ag foghlaim Gaeilge sa Chomhairle.”

Ritheann clár Sheachtain na Gaeilge Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin go dtí an 14ú Márta agus tá clár iomlán na féile ar fáil ag an nasc seo: www.derrystrabane.com/gaeilge

Related topics: