Scéim Sparánachta Gaeltachta Líofa 2022 oscailte inniu


Tá an scéim oscailte do mhic léinn a bhfuil a dtuismitheoirí ag fáil sochar de réir tástála achmainne, nó do dhaoine fásta atá ag foghlaim a fhaigheann ceann de na sochair cháilitheacha. Mar gheall go bhfuil an-tóir ar na sparánachtaí seo, tugtar tús áite dóibh siúd nach bhfuair sparánacht den chinnéal seo roimhe agus a chomhlíonann na critéir atá leagtha amach san fhoirm iarratais.
Dúirt an tAire Pobal Deirdre Hargey: “Tá lúcháir orm a fhógairt go bhfuil an Scéim Sparánachtaí Gaeltachta Líofa oscailte anois le haghaidh iarratas. Seo é an chéad chlár ó thús na paindéime, rud a fhágann go mbeidh iarratasóirí rathúla ábalta Gaeilge a fhoghlaim arís agus ní hamháin sin beidh siad ábalta a bheith páirteach in imeachtaí cultúrtha éagsúla, leithéidi spóirt agus ceoil.
Advertisement
Hide AdAdvertisement
Hide Ad“Leis an scéim tá deis ann ceangail agus cairdis nua a dhéanamh le daoine a bhfuil an dearcadh céanna acu agus atá ag iarraidh a n-úsáid féin den teanga a fhorbairt.


“Bhí an scéim seo ina cuidiú cheana le breis is 750 duine fásta agus duine óga iad féin a thumadh i bpobal Gaeltachta agus cur lena líofacht sa teanga.”
Cuirfear 100 sparánacht ar fáil i bliana mar aon le 70 a fuair sparántacht sa bhliain 2020 ach nach raibh in ann freastal ar chúrsa Gaeltachta mar gheall ar chúrsaí Covid-19.
Bíonn deis ag daoine óga agus daoine fásta araon cuir lena gcuid líofacht sa teanga agus iad féin a thumadh sa Ghaeilge agus iad ar chúrsa Gaeltachta.
Advertisement
Hide AdAdvertisement
Hide AdSa Ghaeltacht tá deis ar fáil do dhaoine atá ag freastal iad féin a thumadh i bpobal Gaeltachta, cur lena gcuid eolais agus lena n-úsáid i dtaca leis an teanga ach freastal ar ranganna agus a bheith rannpháirteach i réimse leathan d’imeachtaí cultúrtha lena n-áirítear spórt agus ceol trí
Is féidir iarratais a chur isteach ar líne ar liofa.eu nó teagmháil a dhéanamh go díreach le Líofa ar 028 9051 5114.
Druidfear an scéim ar an 4 Márta 2022 agus cuirfear iarratasóirí rathúla ar an eolas faoi dheireadh mhí an Mhárta 2022.