Daoine dea-shamplacha

Naomhainmníodh an Mháthair Treasa ag tús na míosa seo.
Saint Teresa of Calcutta, then known as Mother Teresa, reaches out to shake Breige's hand.Saint Teresa of Calcutta, then known as Mother Teresa, reaches out to shake Breige's hand.
Saint Teresa of Calcutta, then known as Mother Teresa, reaches out to shake Breige's hand.

Bhí Caitlicigh ag ceiliúradh sa Róimh agus ar fud na cruinne. Bean bheag dhíograiseach a thug misneach do na bochtáin agus do na heasláin a bhí inti. Ach ní raibh achan duine ag ceiliúradh. Bíonn daoine doicheallacha ann i gcónaí. Dúradh, mar shampla,gur chóir di a bheith ag troid in éadan an bhochtanais go gníomhach in áit bheith ag iarraidh oibriú taobh istigh denchóras pholaitiúil, go ndearna sí cairdeas le deachtóirí agus gur ghlac sí airgead uathu in ionad iad a cháineadh. Ach chuaigh sí a bealach féin agus bhí daoine níos eolaí mar gheall ar a cuid oibre agus ar an obair a rinne na siúracha san ord a bhunaigh sí.

Bheadh cuid mhaith de na lochtóirí ina suí go te i dteach compordach i bhfo-bhaile duilleogach, chan ar na sráideanna salacha agus sna slumaí i gCalcúta, ag cuidiú leis na boicht, le lobhair agus le díbeartaigh eile.

Hide Ad
Hide Ad

Is minic go gcuirtear béim ar lochtanna na gCríostaithe, agus ní thig leat urchóidí stairiúla agus comhaimseartha a rinneadh in ainm na Críostaíochta a shéanadh. Tá a fhios againn go maith na huafáis a rinneadh sa tír seo in ainm an chreidimh. Ach léiríonn saol Threasa Naofa gur ceart an dara scéal a fháil. Mar sin de, tá leabhar a tháinig amach ar na mallaibh thar a bheith tráthúil: Fáithe an fichiú haois, le Séamus Ware (Foilsitheoir,FÁS, ar fáil i siopaí Veritas agus ar líne). Is iad na fáithe daoine a bhí réidh labhairt amach i gcoinne lochtanna agus dul ar strae, togha daoine a thug dea-shampla dúinn uilig ina saol. Ina measc tá Dietrich Bonhoeffer, an tréadaí básaithe ag na Naitsithe; Dorothy Day, an síochánaí radacach Meiriceánach; Martin

Luther King; an tArdeaspag Oscar Romero a dúnmharaíodh agus é ag léamh an Aifrinn; Jean Vanier a bhunaigh L’Arche, gluaiseacht do dhaoine míchumasacha; Daniel Berrigan a chuaigh go priosún de bharr a fheachtais in aghaidh Chogadh Vítneam. Tá stíl an údair an-soiléir agus bheadh duine a bhfuil Gaeilge réasúnta aige ábalta na scéalta a léamh gan dul chuig an fhoclóir go minic.