I seirbhís an phobail

Bhí Oíche Burns in ómós don fhile Albanach sa Leabharlann Lárnach i nDoire ag deireadh na míosa seo caite. Oíche an-sultmhar a bhí ann, le ceol, filíocht, amhránaíocht agus rince. Bhí an scríbhneoir Wilson Burgess mar fhear a' tí.

Bhí Oíche Burns in ómós don fhile Albanach sa Leabharlann Lárnach i nDoire ag deireadh na míosa seo caite. Oíche an-sultmhar a bhí ann, le ceol, filíocht, amhránaíocht agus rince. Bhí an scríbhneoir Wilson Burgess mar fhear a’ tí.

Thosaigh sraith léachtaí sa leabharlann Dé hAoine seo caite: Daoine Ceannasacha na mBlianta 1912- 1922. Bhain an chéad léacht le James Craig agus Edward Carson agus an ghluaiseacht in éadan féinrialtais. Bhí an léacht thar barr agus bheadh sé iontach doiligh an seisiún díospóireachta a shárú. Tugadh léargas domhain dúinn ar charachtar an bheirt fhear. Rinneadh comparáid shuimiúil idir na cáipéisí stairiúla, Cúnant Uladh agus Forógra na Cásca. Bhí an lucht éisteachta a ghlac páirt sa díospóiracht an-eolach.

Hide Ad
Hide Ad

Tá an tsraith seo an-tábhachtach ar bhealaí éagsúla. Den chéad dul síos tugann sí eolas dúinn ar na daoine iomráiteacha den am sin agus ar a meon. Ansin tugann sí ceachtanna dúinn don lá atá inniu ann. An féidir fadhbanna polaitiúla a réiteach trí mhíleatachas agus cogaíocht? Bhí an reiligiún lárnach sa choimhlint in Éirinn: smaoinigh gach taobh go raibh Dia ina leith. Caithfimid téarmaí bunúsacha a scrúdú: saoirse, náisiún, daonlathas, mar shampla. Nuair a smaoinímid ar an am a chuaigh thart ní mór dúinn smaoineamh ar an todhchaí agus brú a chur ar ár n-ionadaithe botúin na staire a sheachaint. Idéalachas? Bhuel, dá dhonachta an scéal, caithfear dóchas a choinneáil.

Léiríonn na himeachtaí a eagraíonn foireann na Leabharlainne cé chomh treallúsach is atá siad. Spreagann na hócáidí léitheoireacht éadrom agus staidéar. Tá ról lárnach ag na leabharlanna i saol an phobail, go háirithe sa choirnéal bheag seo den tír, áit a bhfuiltear ag iarraidh pobal amháin a chruthú agus athmhuintearas agus comhthuiscint a spreagadh. Bhí daoine ‘ón dá thaobh’ ag an dá ócáid a luaigh mé. Ba chóir dúinn tacú le hobair na leabharlann. Buail isteach i do leabharlann áitiúil féin chun a clár imeachtaí a fheiceáil.