Suímh shuimiúla

Tá na céadta suíomh idirlín Gaeilge ann anois. Tá treoir an-chuimsitheach ar fáil don Ghaeilgeoir: '˜Gaeilge ar an ghréasán', suíomh ar a bhfuil níos mó ná 800 nasc atá curtha ar fáil ag Sabhal Mòr Ostaig (Coláiste ollscoile i nGaeltacht na hAlban, áit a n-oibríonn Caoimhín Ó Donnaile, Éireannach agus iar-bhall de Chonradh na Gaeilge, Glaschú.) Má tá suim agat i nGaeilge na hAlban, gabh chuig '˜Gàidhlig air an Lìon'.

Ba mhaith liom cúpla suíomh a lua an tseachtain seo. Foilsíonn Comhaltas Ceoltóirí Éireann liosta de dhánta agus scéalta do pháistí a bheadh san iomaíocht i bhFleadh. Ach bheadh sé cuidiúil d’fhoghlaimeoir ar bith. Tá sé níos úsáidí d’fhoghlaimeoir dán a fhoghlaim de ghlanmheabhair ná riail ghramadaí chasta; mar shampla, is fearr ‘Seán agus an Dall’ a bheith agat (Bhí an seanfhear dall/ Ar thaobh cosáin/ Ag seinm ceoil/ Ar a fheadóg stáin.) ná ‘ Sa chéad díoclaonadh, tá na hainmfhocail firinscneach agus críochnaíonn siad ar chonsan leathan. Caolaítear an consan deiridh chun an ginideach uatha a chumadh’. An dtuigeann tú? Léiríonn an dán an riail.(Gabh chuig Comhaltas –oideachas.)

Tá suíomh an-eolasach ag Gaelscoileanna, eagraíocht a thugann tacaíocht agus comhairle do scoileanna lán-Ghaeilge agus do thuismitheoirí. Maíonn Gaelscoileanna go bhfuil córas a bhaineann úsáid as Gaeilge amháin i bhfad níos éifeachtaí chun an teanga a shealbhú. Ach tacaíonn sé le sruthanna Gaeilge in áiteanna a bhfuil líon na ndaltaí an-íseal. Ach ní sop in áit na scuaibe é sruth Gaeilge. Déanann daltaí ó bhunscoileanna Gaeilge i nDoire leath den amchlár trí Ghaeilge i gColáiste Bhríde. Tá siad ábalta tairbhe a bhaint as áiseanna na mór-scoile agus páirt a ghlacadh in imeachtaí scoile ina bhfuil uimhreacha tábhachtach- spórt, mar shampla. Deirtear gur fearr leath ná meath, ach faigheann na daltai Gaeilge i bhfad níos mó ná leath i lárionad oideachasúil den chéad scoth, mar a fheictear ó shuíomh idirlín Choláiste Bhríde.