Teanga nua-aimseartha

Nuair a bhunaítear eagraíocht Éireannach, fanann tú tamall agus chomh cinnte is atá púdar i nDoire, beidh scoilt ann '“ cumainn rince, cumainn pholaitiúla, cumainn spóirt, ceardchumainn srl. srl. Ní dhearna mé taighde air, ach tá mé cinnte go bhfuil dhá chumann '˜Tiddlywinks' ann.

Nuair a bhunaítear eagraíocht Éireannach, fanann tú tamall agus chomh cinnte is atá púdar i nDoire, beidh scoilt ann – cumainn rince, cumainn pholaitiúla, cumainn spóirt, ceardchumainn srl. srl. Ní dhearna mé taighde air, ach tá mé cinnte go bhfuil dhá chumann ‘Tiddlywinks’ ann.

Agus tharla sin i ngluaiseacht na Gaeilge, ar ndóigh- níos mó ná in eagraíocht ar bith eile b’fhéidir. Sa naoú haois déag bhí conspóid ann faoin sórt Gaeilge ba chóir a athbheochan- caint na ndaoine, sin an teanga bheo a bhí ag na daoine ag an am, nó dul siar chuig an Ghaeilge chlasaiceach den 17ú haois. Bhí an bua ag caint na ndaoine. Ansin tháinig troid na gcanúintí. Shíl daoine áirithe go raibh Conradh na Gaeilge ag déanamh neamairt i nGaeilge Uladh agus bunaíodh Comhaltas Uladh mar eagraíocht neamhspleách taobh istigh den Chonradh. Bhí daoine ann a bhí míshásta leis an Chaighdeán nua: ba mhaith leo an seanlitriú agus an seanscríobh a choinneáil.

Hide Ad
Hide Ad

Bhí dhá dhearcadh ann maidir leis an litríocht: d’amharc grúpa siar ar an traidisiún seanscéalta agus filíochta; tháinig grúpa eile faoi thionchar scríbhneoirí móra na hEorpa agus chreid siad gurbh fhéidir téamaí nua-aimseartha a phlé tríd an Ghaeilge. Bhrúigh grúpa eile an bád amach níos faide fós ar na mallaibh. Is iad na scríbhneoirí Gaeilge atá ina gcónaí thar sáile. Níor rugadh cuid acu in Éirinn, an tAstrálach Colin Ryan ina measc. Foilsíodh cnuasach de ghéarscéalta dá chuid le déanaí, ’Teachtaireacht’ (Cló Iar-Chonnacht). Ní fheiceann tú teachíní ceann tuí in ascaill an ghleanna sa leabhar seo, ach mistéir agus duairceas agus daoine a bhfuil mearbhall orthu. Is í an Astráil cúlra na scéalta. Ní léitheoireacht éadrom é maidir le téamaí agus maidir le teanga. Cuireann sé iontas ort go bhfuil eachtrannach ábalta caighdeán Gaeilge chomh hard sin a aimsiú. Teanga bheomhar réadúil atá i gceist. Spreagfaidh an leabhar scríbhneoirí óga.Tugann a léithéid stádas idirnáisiúnta don Ghaeilge.