Uafáis Sa Fhrainc

De réir cosúlachta, níl deireadh leis an sceimhlitheoireacht sa Fhrainc. Maraíodh 20 duine agus gortaíodh 22 in oifig na hirise Charlie Hebdo i bPáras i mí Eanáir 2015; maraíodh ceathrar in ollmhargadh Iúdach sa chathair dhá lá ina dhiaidh sin.

De réir cosúlachta, níl deireadh leis an sceimhlitheoireacht sa Fhrainc. Maraíodh 20 duine agus gortaíodh 22 in oifig na hirise Charlie Hebdo i bPáras i mí Eanáir 2015; maraíodh ceathrar in ollmhargadh Iúdach sa chathair dhá lá ina dhiaidh sin.

Maraíodh 130 duine agus gortaíodh 352 in ionsaí in amharclann i bPáras i mí na Samhna 2015. Coicís ó shin maraíodh 84 duine agus gortaíodh 308 i Nice nuair a bhuail leoraí sceimhlitheora iad. Agus Dé Máirt na seachtaine seo caite chuir dúnmharú an Athar Jacques Hamel i dteach pobail i Rouen deistin ar achan duine sibhialta. Seanfhear séimh, 85 bliain d’aois ab ea é. Dúnmharú agus sacrailéid a bhí ann.

Hide Ad
Hide Ad

Is féidir an locht a chur ar reiligiún maidir le coireanna mar sin. Agus is cinnte go bhfuil ról ag an reiligiún i gcásanna áirithe. Úsáideann daoine an reiligiún le coireanna a shaoradh ó chion. Go híorónta, loisc ‘Críostaithe’ Jeanne d’Arc ag an stác i Rouen i 1170 ‘ar son na cúise’. Agus ní bheadh ort dul i bhfad ó leac an dorais le coimhlintí ‘reiligiúnacha’ a fháil go fóill sa stáitín seo s’againne.

Ach bíonn níos mó ná reiligiún bainteach le coimhlintí mar seo. I gcás na Fraince, tá an tír sin páirteach i gcogaíocht san Afraic agus sa Mheánoirthear. Tá stair choilíneach náireach ag an Fhrainc. Tá tionscal na n-arm sa Fhrainc ollmhór: soláthraíonn sí airm ar luach na billúin punt do thíortha ar fud an domhain. Bíonn toisceanna casta i caismirtí: polaitíocht, acmhainn, talamh, tráchtáil, ciníochas srl.

Bhí ‘Amhráin Mholta’ i dteampall Eaglais na hÉireann i Magh Dé Domhnaigh mar chuid den Fhéile. Bhí ionadaithe de na ceithre ghrúpa mhóra Chríostaí ag guí agus ag canadh le chéile. Tháinig siad le chéile fá choinne tae agus comhrá ina dhiaidh. Feiceann siad go bhfuil níos mó cosúlachtaí ná difríochtaí eatarthu. Tá cuid mhaith de na seanargóintí ar shiúl anois. ‘Is fearr argóint a chailleadh ná cara’. Tuigeann i bhfad níos mó daoine anois cad is reiligiún ann – buíochas le Dia.