Deir réiteoir as Tír Chonaill Siobhán Coyle go bhfaigheann sí drochíde béil i ngach aon chluiche

Deir réiteoir as Tír Chonaill Siobhán Coyle go bhfaigheann sí drochíde béil i ngach aon chluiche, agus san am a chuaigh thart gur mhothaigh sí doicheall ó roinnt imreoirí fireanna.

Tá ag éirí go hiontach le Siobhán mar réiteoir i gcluichí na bhfear agus i gcluichí na mban.

Déanann sí an réiteoireacht a láimhseáil mar aon lena post laethúil mar mhúinteoir agus a ról mar bhainisteoir ar fhoireann sinsir na mban, Gaeil Fhánada.

Pléann Réiteoir!, léirithe ag Macha Media do BBC Gaeilge agus RTÉ le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann, an tionchar mothúchánach a bhíonn ag an drochíde seo.

Grainne McElwain agus David Goughplaceholder image
Grainne McElwain agus David Gough

Nochtann an clár torthaí suntasacha ó shuirbhé a rinne Ollscoil Uladh le gairid, faoi stiúir an Dr Noel Brick, ar an dóigh a gcaitear le réiteoirí agus ar an tionchar a bhíonn aige seo ar shláinte intinne agus leas na n-oifigeach.

Craoltóir Gráinne McElwain iniúchadh ar shaol réiteoirí peile insan Chumann Lúthchleas Gael i gcluiche an lae inniu.

Tá léargais sa chlár fosta ón tráchtaire spóirt as Doire Fearghal Mag Uiginn, ó Uachtarán an CLG Iarlaith Ó Broin, agus ón síceolaí spóirt agus iar-iománaí de chuid na Gaillimhe, Justin Campbell.

Is rud coitianta drochíde chorpartha agus béil ó fhoirne, ó lucht tacaíochta agus ó na meáin shóisialta, agus bíonn roinnt coistí contae CLG ag streachailt le go leor réiteoirí a fháil le gach cluiche i ngach comórtas a chur ar siúl, go háirithe agus líon na gcomórtas ag méadú.

Tugann an réiteoireacht deis do Siobhán, David Gough agus d’Eoghan Ó Muircheartaigh ról gníomhach a bheith acu i spórt a bhfuil grá acu dó, agus leanann muid a dturas sin i rith shéasúr 2024.

Labhraíonn David Gough as Contae na Mí go hoscailte faoina thaithí phearsanta mar réiteoir idirchontae i ndiaidh dó dhá mheancóg mhóra a dhéanamh, dar leis, sna bomaití deireanacha de dhá chluiche mhóra i gCraobh Uile-Éireann.

Déanann David cur síos ar a dhéine is bhíonn traenáil do réiteoirí, ar na dúshláin a thagann le teip sna scrúdaithe aclaíochta agus ar an dianscrúdú a thagann lena ról mar dhuine de mhóroifigigh CLG. Cé go bhfuil sé cleachtaithe le drochíde béil ar an pháirc, is mó i bhfad an drochthionchar a bhíonn ag litreacha maslacha ina mbíonn teanga leithchealach a thagann chuig a theach.

Is réiteoir cúig bliana is fiche d’aois é Eoghan Ó Muircheartaigh as Contae Chiarraí. Is garnia é den laoch CLG, Mícheál Ó Muircheartaigh, agus tá sé ag iarraidh bogadh suas go cluichí idirchontae le linn dó a bheith ag láimhseáil cluichí dúshlánacha ag leibhéal na gclubanna.

Feiceann sé difear idir an dóigh a gcaitear le hoifigigh ag leibhéal an chlub agus faoi aois, i gcomparáid le cluichí idirchontae I bPáirc an Chrócaigh.

Measann Justin Campbell go mbíonn ar réiteoir tuairim is 500 cinneadh a dhéanamh i gcluiche ar bith, agus iad uilig a dhéanamh faoi bhrú.

Bíonn sé ar fáil do réiteoirí idirchontae CLG le cuidiú leo ullmhú do chluichí, nó nuair a chaithfidh siad déileáil le hiarmhairtí chluichí dúshlánacha.

Buaileann Gráinne le hIarlaith Ó Broin, Uachtarán an CLG, agus le Donal Smyth, Bainisteoir Oifigeach na gCluichí Náisiúnta.

Craolfar ‘Réiteoir!’ ar BBC2, Dé Domhnaigh 2ú Márta ag 10i.n.

Donegal referee Siobhán Coyle says verbal abuse is directed at her in every game, and has in the past, felt resentment from some male players.

Siobhán is a rising star in both the men’s and ladies’ games and balances this with her day job as a teacher and as manager of Fanad Gaels senior ladies’ team.

Réiteoir!, produced by Macha Media for BBC Gaeilge and RTÉ with support from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund, considers the emotional toll of this abuse and reveals findings from a recent Ulster University study on the treatment of referees, led by Dr Noel Brick, and the effect this has on mental health and welfare of match officials.

Broadcaster Gráinne McElwain examines the realities of life for a GAA football referee in the modern game.

The documentary also features contributions from Derry sports analyst Fearghal Mag Uiginn, GAA President Jarlath Burns and sports psychologist and former Galway county hurler Justin Campbell.

For many referees, physical and verbal abuse from teams, the stands and on social media is commonplace and some GAA county boards are struggling to find enough referees to officiate fixtures across a growing number of competitions.

For Siobhán, David Gough and Eoghan Ó Muircheartaigh, refereeing allows them to have an active role in the sport they love, and we follow their journey through the 2024 season.

David Gough, from County Meath, talks openly about his personal experiences as an intercounty referee, following what he describes as mistakes, made in the closing stages of two big All-Ireland Football Championship games.

David outlines the rigorous demands of referee training, the challenges of failing fitness tests and how he copes with the intense scrutiny that comes with being one of the GAA’s top officials.

He reveals that while he has become used to verbal abuse on the pitch, receiving letters containing discriminatory language to his home had a much greater impact.

Eoghan Ó Muircheartaigh from County Kerry is a 25-year-old referee and grandnephew of GAA legend Mícheál Ó Muircheartaigh and is aiming to transition to intercounty officiating while navigating the pressures of grassroots-level games.

He sees a difference between attitudes in how officials at club and underage levels are treated when compared to the intercounty games at Croke Park.

Justin Campbell calculates a referee has around 500 decisions to make in any game and these are under huge pressure.

He is on call for all GAA intercounty referees to help them prepare for matches or to deal with the aftermath of difficult games.

Gráinne also meets Jarlath Burns, President of the GAA, and Donal Smyth, National Match Officials Officer.

Réiteoir! is on BBC2 on Sunday, March 2 at 10pm.

News you can trust since 1772
Follow us
© 2026 Iconic Media Group Ltd. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice