Wains’ World - Gaelscoil Éadain Mhóir
and live on Freeview channel 276
Aoibhinn, Fionn agus Áine a bhí ag caint ar dtús agus bhí siad iontach eolach ar bhunú na féile seo agus an stair suimiúil taobh thiar dí.
Bhí Leah, Caomhán agus Roma in ann léargas a thabhairt ar uid de na nósanna a bhaineann leis an fhéile agus miniú cén fáth a bhfuil sé tábhachtach go bhfuil daoine ar an taobh seo den domhan ag foghlaim faoi na rudaí seo.
Advertisement
Hide AdAdvertisement
Hide AdÁine: “Is féile í Diwali a bhíonn daoine ag ceiliúradh mar gheall go raibh troid ann blianta fada ó shin.
“Bíonn siad ag ceiliúradh ag deireadh mí Dheireadh Fomhair agus ag tús Mí na Samhna. I mbliana, thosaigh sé ar an 4ú de Mí na Samhna.”
Fionn: “Bíonn na teaghlaigh ag guí agus osclaíonn siad an doras mar creideann siad go bhfuil bandia darb ainm Lakshmi. Lasann siad coinnle agus cuireann siad ag an doras iad le cuireadh a thabhairt dí teacht isteach go tithe s’acu.”
Aoibhinn: “Creideann na Hindiu agus na Sikh i Diwali agus creideamh eile fosta. Cuireann siad maisiúcháin ar na tithe agus ar na sráideanna agus bionn béile mór ag na teaghlaigh. Faigheann siad bronntanais agus cuireann siad tinte ealaíne amach fosta.”
Advertisement
Hide AdAdvertisement
Hide AdRoma: “Bíonn daoine ag cur lampaí darb ainm Diya lamps suas i dtithe s’acu agus bíonn maisiúcháin ar an teach fosta.
“Tá sé tabháchtach go bhfuil muid ag foghlaim foai creideamh daoine sílim féin.”
Caomhán: “Déanann siad patrúin ar an talamh le rís agus rudaí eile. An ceann is ciotanta ná an Lotus bláth.
“Maireann an fhéile cúig lá agus déanann siad rudaí difiúla achan lá. An triú lá, sin nuair a bhíonn cóisir mhór acu.”
Leah: “Is féile í a bhíonn na Hindu agus na Sikh ag ceiliúradh mar bhí troid ann blianta fada ó shin faoi Rama agus a bhean Sita, ghlac an rí diabhal Sita.”