Foyle Search & Rescue ag glacadh páirt i gclár nua ar BBC Gaeilge 999 Faoi Oiliúint
Is gairm é. Agus ní gairm é a oireann do chách.
Is sraith úr faisnéise ceithre chlár í 999 Faoi Oiliúint ina leantar saol na bhfear agus na mban atá i mbun oiliúna do na seirbhísí tosaigh. Below the Radar TV a léirigh le haghaidh BBC Gaeilge agus RTÉ, agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann a mhaoinigh.
Ag tosú ar BBC Two NI agus BBC iPlayer ar an 29 Bealtaine ag 10 i.n., leanann 999 Faoi Oiliúint daltaí úra faoi dhianthraenáil throm - an comhraiceoir dóiteáin, an paraimhíochaineoir, an tarrthálaí sléibhe, an garda cósta - go bhfeictear an bhfuil siad inchurtha leis an obair.


Advertisement
Hide AdAdvertisement
Hide AdBuaileann muid le hoiliúnaithe ó Cuardach agus Tarrtháil Feabhail; Cuardach agus Tarrtháil Loch nEathach; Seirbhís Dóiteáin na Gaillimhe; Foireann Tarrthála Sléibhe Mhaigh Eo; Seirbhís Dóiteáin Bhaile Átha Cliath; Seirbhís Náisiúnta Otharcharranna Éireann agus Garda Cósta na hÉireann.
TUILLEADH A LÉAMH: Derry Mayor hosts reception to celebrate 30 years of Foyle Search and Rescue
Leanann 999 Faoi Oiliúint ár n-oiliúnaithe agus iad ag dul i ngleic le fíorghlaonna amach.
In imeacht bliana a taifeadadh 999 Faoi Oiliúint agus léiríonn na hoiliúnaithe úra a neart, a ndíograis agus a misneach gan trácht ar an tiomantas buan daingean atá acu dá gcuid oibre.
Déantar grinnscrúdú ar shochar agus dochar na traenála agus tchímid cad é mar a sheasann gach oiliúnaí báire na fola, de réir mar a chuireann siad na measúnuithe agus an oiliúint díobh.
Advertisement
Hide AdAdvertisement
Hide AdBeidh sraith iomlán 999 Faoi Oiliúint ar fáil ar BBC iPlayer ón Luan 29 Bealtaine.