Féile Dramaíochta an Iarthuaiscirt bainte ag páistí scoile as Doire
Léirigh na páistí ‘Doctúir Cé agus na Victeoiriaigh’, a scríobh a múinteoir Alicia O’Kane, atá ‘ag pléascadh le bród’ as a rang.
Advertisement
Hide AdAdvertisement
Hide AdMhínigh na páistí don ‘Journal’ go raibh an dráma seo suite sa Ré Victeoiriach agus go ndeachaigh Dr Cé agus a chuid cairde Liath agus Cailín go Londain agus go hÉire tríd am in ‘Tardis’ no innéal ama. Agus é i Londain, bhuail Dr Cé le Charles Dickens, a rugadh sa bhliain 1812, agus le Dr Bernardo, James Jarvis agus Jack Summers.


Mhínigh páste amháin: “Páistí bochta a bhí in Jack Summers, nó Shrimps mar a tugadh air, agus Jim Jarvis, agus chuidigh Bernardo leo. Chonaigh siad ar shráideanna Londain. D’oscail Dr Bernardo tithí do pháistí mar bhí sé ag iarraidh cuidiú leis na páistí bochta. Ní raibh airgead nó tithe ag na páistí seo. Fuair gasúir beag bás ar an stráid mar bhí sé ró-fhuair. Bhí teach do pháiste ag Dr Bernardo ach bhí sé lán. Ina dhiaidh sin, lig do Dr Bernardo gach duine teacht isteach.”
Mhinigh páiste eile: "Bhuail muid fosta leis an Bhanríon Victoria, a fear chéile Prionsa Albert agus a bpáistí. Fuair Prionsa Albert bás mar bhí an t-uisce lofa. Sa drama, faigheann an Prionsa Albert bás go tobann ach níor tharla mar sin ag an am, mhair sé cúpla seachtain nó cúpla mí ina dhiaidh sin. Bhí an fiabhras tíofóideach ag dul thart ag an am sin agus síltear go bhfuair sé bás mar gheall air sin. Nuair a fuair an Phrionsa Albert bás, bhí an Bhanríon Victoria croíbhriste agus chaith sí éadáí dubha don chuid eile dá saol.”
Advertisement
Hide AdAdvertisement
Hide AdNí ag aisteoireacht amháin a bhí na páistí. Bhí damhsa, amháin agus ceol traidisiúnta á dhéanamh acu fosta.
“Bhí damhsa hip-hop sa dráma chomh maith,” a mhínigh duine acu. “Tháinig mamaí Amelia isteach leis an damhsa a theagasc dúinn. Rinne muid é leis an amhrán ‘Sisters are doing it for themselves’. Bhí Dr Cé iontach greannmhar mar dhuine ach bhí ar daoine cur i gcuimhne dó stócaí s’aige a chur air mar bhí sé iontach dearmadach. Bhí róbó ann fosta, agus dúirt síse ‘taobh thiar de gach fear maith atá sár-bhean’. Agus sin nuair a thosaigh an hip-hop.


"Bhí damhsa céilí againn fosta, an damhsa Aoibhneas na Bealtaine mar chuaigh sé trasna go hÉireann. Bhí an gorta mór ag tarlú i nÉirinn ag an am sin agus rinne siad ceol agus damhsa ceilí chun an spiorad a thógáil. Bhí banna ceoil tradiúsanta againn fosta. Bhí Eamonn, Cillian, Faela, Falon, Caitlín agus Reuben sa bhanna ag seimn an Kerry Polka.”
Advertisement
Hide AdAdvertisement
Hide AdChríochnaigh an dráma agus na páistí ag ceol an pop-amhrán Ríoga, atá aistrithe ag TG Lurgan. Thaitin an dráma ar fad go mór leis na páistí agus tá siad ar fad iontach bródúil astú féin ach níl duine ar bith chomh bródúil lena múinteoir.
”Bhí mise iontach bródúil astu,” a dúírt Alicia. “Iontach iontach bródúil astu. Níor chodail mé mórán an iontach roimh ré mar bhí mé chomh neirbhíseach sin! Bhí a fhios agam cé chomh dian is a d’oibrigh siad ag ullmhú dó seo agus bhí achan dráma eile ar chaighdeán iontach maith so bhí sé deacair ach bhí mé chomh bródúil astu agus bhí a fhios agam go raibh an bua tuilte go maith acu. Rinne muid cleachtadh sa halla maidin Dé Luain, thug muid cuireadh do thuismitheoirí rang 7 agus páistí rang 3-6 teacht isteach chun é a fhéiceail. Ar an lá sin, dúirt mé go raibh mo chroí ag pléascadh le bród agus tá go fóill."
Dúirt na páistí gur scread siad amach nuair a dúradh go raibh an bua acu agus gur mhothaigh sé ‘ar fheabhas’. Ní bhfuair duine ar bith acu duais, mar tá siad anois ag dul páirt a ghlacadh san Fhéile Uladh i Leitir Ceanainn ach bhí duais speisialta ann do Mia don ‘Aisteoir is fearr’
Beidh na páistí ag dul go Féile Uladh roimh dheireadh na míosa ach, don am i láthair, tá siad ag baint sult as an sos agus as a mbua.